Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla
An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla

Líonra de chomhairleoirí áitiúla AE, ag obair le chéile chun cumarsáid a dhéanamh ar shaincheisteanna AE

Cruthaíonn an tionscadal “An Eoraip a fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” líonra Eorpach de pholaiteoirí a toghadh go háitiúil dírithe ar chumarsáid a dhéanamh maidir leis an Aontas Eorpach i gcomhaontas nach bhfacthas riamh cheana idir an leibhéal rialachais Eorpach agus an leibhéal rialachais áitiúil.

Cuirfidh an tionscadal ar chumas polaiteoirí áitiúla oibriú le chéile agus faisnéis a scaipeadh mar gheall ar thopaicí AE a bhaineann le muintir a dtoghcheantair áitiúil. Cabhróidh sé freisin le rannpháirtíocht a threisiú agus cothóidh sé díospóireachtaí faoi na saincheisteanna seo agus faoi thodhchaí na hEorpa. Is é atá i gceist thar aon rud eile tacú le cruthú réimse poiblí fíor-Eorpaigh.

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar údaráis áitiúla dul isteach sa tionscadal. Tá sé furasta. Ní gá ach an fhoirm iarratais a líonadh amach, an dearbhú ar a bhfuil síniú an chomhairleora áitiúil agus ionadaí dlí an údaráis áitiúil a uaslódáil, agus iad a chur isteach.

Tar éis iad a chlárú sa ghrúpa, rachaidh comhairleoirí áitiúla chun cainte le daoine ina dtoghcheantair féin agus/nó leis na meáin áitiúla maidir le tionscnaimh pholaitiúla ghinearálta agus maidir le bearta atá á ndéanamh ag an Aontas.

Tá sé tábhachtach faisnéis faoin Aontas a scaipeadh ag an leibhéal áitiúil chun go leanfar den bhorradh a cruthaíodh leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus laistigh de chomhthéacs NextGenerationEU.

Tá an tionscadal á chur i bhfeidhm i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus Líonra Eorpach Comhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla Choiste na Réigiún.

D’údaráis áitiúla ar mian leo teacht chun bheith ina gcomhpháirtithe den Choimisiún Eorpach chun faisnéis faoin Aontas a scaipeadh i measc an phobail trí ionadaí a toghadh go háitiúil a cheapadh.

Discover communication activities, events, and EU-related discussions within the network.