Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla

Ráiteas príobháideachais

Tugtar sa ráiteas príobháideachais seo eolas ar phróiseáil agus ar chosaint do shonraí pearsanta.

Oibríocht phróiseála: “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla”

Rialaitheoir Sonraí: Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Stiúrthóireacht C, Aonad C.4.

Tagairt taifid: DPR-EC-13729.1

1. Réamhrá

Geallann an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’ anseo feasta) do shonraí pearsanta a chosaint agus meas a léiriú ar do phríobháideachas. Déanann an Coimisiún sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil tuilleadh de bhun Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, forais, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2018/2001).

Mínítear sa ráiteas príobháideachais seo na cúiseanna atá le próiseáil do shonraí pearsanta, an bealach a ndéanaimid gach sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil a bhailiú agus a láimhseáil agus a gcosaint a chinntiú, conas a úsáidtear an fhaisnéis sin agus cad iad na cearta atá agat maidir le do shonraí pearsanta. Sonraítear ann chomh maith sonraí teagmhála an Rialaitheora Sonraí atá freagrach lena bhféadfaidh tú do chearta a fheidhmiú, an Oifigigh Cosanta Sonraí agus an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí.

Baineann an ráiteas príobháideachais seo le próiseáil sonraí pearsanta ag an gCoimisiún agus é ag bainistiú líonra na gcomhairleoirí áitiúla sna Ballstáit, dá ngairtear “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” anseo feasta.

2. Conas agus cén fáth a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Is é cuspóir na próiseála ná oibriú agus bainistiú “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a éascú.

Is treoirthionscadal é “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” nó “tionscadal” a bhfuil sé mar aidhm aige ionadaithe a toghadh go háitiúil sna Ballstáit (comhairleoirí áitiúla) a chur i mbun cumarsáide le saoránaigh mar gheall ar bheartais agus tosaíochtaí an Aontais. Is iad údaráis áitiúla sna Ballstáit agus sa Choimisiún Eorpach sínitheoirí an tionscadail. Ceapann na húdaráis áitiúla duine dá gcomhairleoirí a toghadh go háitiúil mar chomhalta den tionscadal, agus geallann siad duine ionaid a cheapadh nuair a rachaidh a sainordú in éag.

Tá gá le sonraí pearsanta a fhaightear ó na comhairleoirí áitiúla chun a chinntiú go n-oibríonn an líonra agus go gcomhlíonann sé a fheidhmeanna. Go sonrach, is gá sonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le: 

  • oibriú agus bainistiú an tionscadail “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” agus roghnú a chomhaltaí;
  • gníomhaíochtaí cumarsáide amhail an tionscadal “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” agus a ghníomhaíochtaí a chur chun cinn amhail malartú comhfhreagrais, cuirí agus fógraí a sheoladh agus gníomhaíochtaí leantacha, grianghraif a thógáil agus físeáin a léiriú, chomh maith le nuachtlitir a dháileadh (a gcaithfear liostaí teagmhálaithe le haghaidh comhfhreagrais a bhainistiú mar chuid de);
  • imeachtaí oiliúna as líne agus ar líne, seisiúin faisnéise, cruinnithe a eagrú agus staidéir/meastóireachtaí agus suirbhéanna a dhéanamh;
  • eolas a chur ar fáil, iarratais ar eolas agus treoracha chun gnímh;

Foilsíonn an Coimisiún Eorpach gairmeacha oscailte ar iarratais ó údaráis áitiúla i mBallstáit an Aontais. Tacaíonn conraitheoir leis an gCoimisiún Eorpach chun na hiarratais a phróiseáil. Ina theannta sin, bainistíonn an conraitheoir láithreán gréasáin ar fhearann gréasáin europa.eu ar a ndéantar an tionscadal a chur chun cinn sna Ballstáit, an fhoirm iarratais a fhoilsiú agus liosta de na húdaráis áitiúla atá tar éis dul isteach sa tionscadal a thaispeáint. Síníonn na comhairleoirí áitiúla roghnaithe dearbhú ina n-aontaíonn siad bheith páirteach sa tionscadal. 

Agus iarratas á dhéanamh, geallann na comhairleoirí áitiúla cumarsáid a dhéanamh faoi bheartais agus tosaíochtaí an Aontais i measc phobal a réigiúin féin. Chuige seo faigheann siad tacaíocht ó Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide agus ó chonraitheoir an Choimisiúin Eorpaigh le hábhar cumarsáide ábhartha, seisiúin oiliúna, deiseanna líonraithe agus malartú dea-chleachtas. 

Chun comhar idir chomhaltaí líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a éascú, braitheann Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide ar an ardán Futurium (tag. taifid DPR-EC-00787). Is ardán ar líne é Futurium faoi úinéireacht an Choimisiúin Eorpaigh arna bhainistiú ag AS na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta a chuireann ar chumas chomhaltaí “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” dul isteach i bpobal ar líne “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” agus cur leis an bpobal sin (i.e. tuairimí a phostáil, smaointe a roinnt, srl). Cuireann sé ar chumas chomhaltaí “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” teagmháil a dhéanamh le comhaltaí eile trí ríomhphost (nuair a thoilíonn an ball teagmháil a fháil ó chomhaltaí eile). Is é Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide a riarann pobal ar líne “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla”, a chinneann ballraíocht agus gnéithe ábhartha eile de ghníomhaíocht ar líne chomhaltaí líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” ar an ardán Futurium. 

 úsáidfear sonraí pearsanta do chinnteoireacht uathoibrithe, próifíliú san áireamh.

3. Cad é an foras dlíthiúil/iad na forais dhlíthiúla ar a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta?

Dlíthiúlacht maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoi Airteagal 5.1

  • 5.1(a) Tá gá le próiseáil chun cúram a chur i gcrích ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe d’institiúid nó d’fhoras de chuid an Aontais.

Is é Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh, aonad C4, atá i gceannas ar fheidhmiú an tionscadail “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” faoi Chlár Oibre DG COMM 2021 (mar a leasaíodh an 8 Aibreán 2021).

Tá gá le próiseáil sonraí pearsanta atá nasctha le tionscadal “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” chun go ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú agus feidhmiú, mar atá sainordaithe sna conarthaí, agus go háirithe in Airteagal 5 den Chonradh AE, Airteagal 13 den Chonradh AE agus Airteagail 244-250 den CFAE, agus i gcomhréir le hAirteagal 1 agus Airteagal 11 den Chonradh AE. Ina theannta sin, cuireann an tionscadal i bhfeidhm an prionsabal, a leagtar amach i dteachtaireacht Sibiu na Bealtaine 2019, gur freagracht i bpáirt é idir leibhéal fornáisiúnta an Aontais agus gach leibhéal rialachais náisiúnta agus fo-náisiúnta cumarsáid a dhéanamh faoin Aontas, mar a shonraítear i rannchuidiú an Choimisiúin Eorpaigh le cruinniú neamhfhoirmiúil ceannairí AE27 i Sibiu (An Rómáin) an 9 Bealtaine 2019, ar leathanach 40.

Is tasc é tacú le gníomhaíochtaí cumarsáide an tionscadail “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a éiríonn as sainphribhléidí an Choimisiúin ar leibhéal institiúideach. Bhunaigh Parlaimint na hEorpa an tionscadal trí nós imeachta buiséadach 2021 mar thionscadal píolótach de réir bhrí Airteagal 58(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis an rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh 1296/2013, (AE) Uimh 1301/2013, (AE) Uimh 1303/2013, (AE) Uimh 1304/2013, (AE) Uimh 1309/2013, (AE) Uimh 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) No 283/2014, agus Cinneadh Uimh 541/2014/EU lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

  • 5(1)(d) Tá cead tugtha ag an ábhar sonraí chun a shonraí pearsanta a phróiseáil ar mhaithe le cuspóir shonrach amháin nó níos mó.

Tá na hoibríochtaí próiseála ar shonraí pearsanta chun an líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a eagrú agus a bhainistiú dleathach faoi Airteagal 5(d) de Rialachán 2018/1725, toisc go dtugann na comhairleoirí áitiúla toiliú leis an bpróiseáil sonraí pearsanta sula dtagann siad chun bheith ina mball den ghréasán “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla“.

4. Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid agus a phróiseálaimid tuilleadh?

Chun an oibríocht phróiseála seo a dhéanamh, féadfaidh an Rialaitheoir Sonraí na catagóirí sonraí pearsanta seo a leanas a bhailiú: 

  • Ball tionscadail de “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” (m.sh. ball d’údarás áitiúil): ainm agus sloinne, sonraí teagmhála (r-phost, uimhir theileafóin, seoladh poist, inscne (fireann/baineann/eile/is fearr gan a rá), teangacha labhartha agus/nó rogha teangacha
  • Féadfaidh saoránaigh liostáil don nuachtlitir “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” trína seoladh ríomhphoist a sholáthar
  • Sonraí pearsanta atá ar fáil trí ábhar closamhairc (m.sh. grianghraif/pictiúir, seatanna grianghraf, cur i láthair) a d’fhéadfadh a bheith ar fáil ar an idirlíon/inlíon i gcomhthéacs na gcruinnithe agus faoi chuimsiú ghníomhaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh: taifeadtaí closamhairc agus amhairc de na cruinnithe.

Féadfaidh an Rialaitheoir Sonraí faisnéis chomhiomlán nó dhí-shainaitheanta a roinnt le Stiúrthóireachtaí eile de chuid an Choimisiúin agus/nó le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais nó le tríú páirtithe chun críocha taighde eolaíoch nó staidrimh.

5. Cá fhad a choimeádaimid do shonraí pearsanta?

Ní choimeádann an Rialaitheoir Sonraí do shonraí pearsanta ach ar feadh an mhéid ama is gá chun an chuspóir bailithe nó próiseála breise a chomhlíonadh.

  • Stóráiltear na sonraí pearsanta atá riachtanach chun an líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a bhainistiú (lena n-áirítear bainistiú liostaí teagmhála le haghaidh comhfhreagrais) i mbunachar sonraí na soláthraithe seirbhíse/an chonraitheora agus san uirlis idirghníomhach ar líne fad a bhíonn an t-ábhar sonraí páirteach sa tionscadal agus go ceann uastréimhse trí (3) bliana. 

Má scoireann údarás áitiúil nó comhalta aonair de “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” de bheith ina bhall den líonra, déanfaidh Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide bearta réasúnacha chun an fhaisnéis ábhartha a bhaint den bhunachar sonraí agus den ardán idirghníomhach ar líne gan mhoill mhíchuí agus laistigh de mhí amháin (1) d’fhógra a fháil. 

  • Féadfar ábhar closamhairc roghnaithe a chur i gcartlann lena chaomhnú go buan, i gcomhréir le forálacha Liosta Coinneála Comhleibhéil an Choimisiúin (SEC(2019)900/2), chun críocha staire chun stair agus oidhreacht chlosamhairc an Choimisiúin Eorpaigh agus an Aontais Eorpaigh a dhoiciméadú, a chaomhnú agus a chur ar fáil.
  • Déanfar na taifid pháipéir agus leictreonacha go léir a bhaineann leis an gcomhfhreagras laethúil, glaonna ar thograí agus/nó spéis mar aon leis na comhaid chonarthacha/airgeadais a leanann as, chomh maith le tuarascálacha ina mbeidh sonraí comhiomlána a chartlannú de réir Liosta Coinneála Comhleibhéil an Choimisiúin (SEC(2019)900/2) agus a stóráil in ARES (Ardchóras Taifead) faoi fhreagracht na hArdrúnaíochta go ceann tréimhse deich (10) mbliana agus teicnící samplála agus roghnúcháin á gcur i bhfeidhm.

6. Conas a chosnaímid do shonraí pearsanta?

Stóráiltear na sonraí pearsanta go léir i bhformáid leictreonach (ríomhphoist, doiciméid, bunachair shonraí, baisceanna sonraí uaslódáilte, etc.) ar fhreastalaithe an Choimisiúin Eorpaigh agus an chonraitheora (san Aontas). Déantar gach oibríocht phróiseála de bhun Chinneadh ón gCoimisiún (AE, Euratom) 2017/46 an 10 Eanáir 2017 ar shlándáil na gcóras cumarsáide agus faisnéise sa Choimisiún Eorpach.

Tá conraitheoirí an Choimisiúin Eorpaigh faoi cheangal ag clásal conarthach sonrach maidir le haon oibríochtaí próiseála sonraí pearsanta thar ceann an Choimisiúin Eorpaigh, agus ag na hoibleagáidí rúndachta a eascraíonn as Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (RGCS). 

Chun do shonraí pearsanta a chosaint, tá roinnt beart teicniúil agus eagraíochtúil curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún Eorpach. Áirítear le bearta teicniúla gníomhaíochtaí iomchuí chun aghaidh a thabhairt ar shlándáil ar líne, ar an riosca go gcaillfear sonraí, go n-athrófar sonraí nó go bhfaighfear rochtain neamhúdaraithe orthu, ag cur san áireamh an riosca a bhaineann leis an bpróiseáil agus nádúr na sonraí pearsanta atá á bpróiseáil. Áirítear le bearta eagraíochtúla rochtain ar shonraí pearsanta a shrianadh do dhaoine údaraithe a bhfuil gá dlisteanach acu le heolas chun críocha na hoibríochta próiseála seo amháin.

7. Cé hiad a bhfuil rochtain acu ar do shonraí pearsanta agus cé dóibh a nochtar iad?

Soláthraítear rochtain ar na sonraí pearsanta a bhailítear le haghaidh na hoibríochta próiseála atá i gceist do phearsanra údaraithe institiúidí an Aontais agus dá gconraitheoirí atá freagrach as an oibríocht phróiseála seo a chur i gcrích de réir an phrionsabail “riachtanas eolais”. Cloíonn baill foirne dá leithéid le comhaontuithe reachtúla agus, nuair is gá, le comhaontuithe rúndachta breise. 

Tá rochtain ag foireann shainordaithe Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Ionadaíochtaí an Aontais agus an conraitheoir ar shonraí pearsanta chomhaltaí an líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” (lena n-áirítear liostaí postála, comhaid pháipéir agus leictreonacha agus na sonraí atá stóráilte ar an ardán Futurium, comhfhreagras, glaoch as a dtiocfaidh roghnú chomhaltaí na n-údarás áitiúil mar aon leis na comhaid chonarthacha/airgeadais a thagann as). 

Tá rochtain ag foireann shainordaithe Ard-Stiúrthóireacht na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta ar shonraí pearsanta chomhaltaí líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” atá riachtanach chun rochtain agus bainistiú an ardáin Futurium a éascú.

Tá rochtain ag ionaid EUROPE DIRECT ar na liostaí postála, ar chomhaid pháipéir agus leictreonacha lena bhféadfadh sonraí pearsanta chomhaltaí an líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a bheidh le tiomsú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Ionadaíochtaí CE agus an conraitheoir ar bhonn “riachtanas eolais”. 

Féadfar sonraí pearsanta riachtanacha de chuid chomhaltaí líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a sholáthar do phróiseálaithe seachtracha faoi chreatchonradh (ar a n-áireofaí, b’fhéidir, liostaí seoltaí agus/nó a liostaí seoltaí féin a dhréachtú agus a dtaifid pháipéir/leictreonacha féin a chruthú bunaithe ar theagmhálacha le comhaltaí na n-eintiteas áitiúil) chun críocha cuairteanna, imeachtaí oiliúna agus faisnéise a eagrú, staidéir/measúnuithe/suirbhéanna a dhéanamh agus faisnéis a bhailiú. Féadfaidh na próiseálaithe rochtain a fháil ar an liosta seoltaí freisin chun teagmháil a dhéanamh le comhaltaí na n-eintiteas áitiúil chun a gcuid taistil agus lóistín a eagrú chomh maith le faisnéis a bhailiú. 

Féadfaidh seirbhísí slándála sonraí pearsanta chomhaltaí “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” a bhailiú agus a láimhseáil chun críocha imeachtaí a eagraítear in áitribh institiúidí an Aontais. Ba cheart seirbhísí slándála a léirmhíniú mar sheirbhísí arna gconrú ag institiúidí an Aontais, lena n-áirítear ionadaíochtaí CE.

8. Cad iad do chearta agus conas is féidir leat iad a fheidhmiú?

Tá cearta sonracha agat mar ‘ábhar sonraí’ faoi Chaibidil III (Airteagail 14-25) de Rialachán (AE) 2018/1725. Maidir leis an oibríocht phróiseála seo, féadfaidh tú na cearta seo a leanas a fheidhmiú:

  • an ceart chun rochtain a fháil ar do shonraí pearsanta (Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun ceartú a dhéanamh i gcás go bhfuil do shonraí pearsanta míchruinn nó neamhiomlán (Airteagal 18 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun do shonraí pearsanta a léirscriosadh (Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • i gcás inarb infheidhme, an ceart chun srian a chur le próiseáil do shonraí pearsanta (Airteagal 20 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • an ceart chun iniomparthacht sonraí (Airteagal 22 de Rialachán (AE) 2018/1725);
  • agus an ceart agóid a dhéanamh i gcoinne phróiseáil do shonraí pearsanta, a dhéantar go dleathach de bhun Airteagal 5(1)(a).

 Is féidir leat do chearta a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, nó i gcás coinbhleachta leis an Oifigeach Cosanta Sonraí. Más gá, féadfaidh tú aghaidh a thabhairt ar an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí freisin. Tugtar a gcuid sonraí teagmhála faoi Alt 9.

Más mian leat do chearta a fheidhmiú i gcomhthéacs oibríocht phróiseála ar leith amháin nó níos mó, cuir tuairisc orthu ar fáil le do thoil (i.e. Tagairt(í) taifid mar atá sonraithe faoi Alt 10) i d’iarratas.

9. Sonraí teagmhála

An Rialaitheoir Sonraí

Más mian leat do chearta a fheidhmiú faoi Rialachán (AE) 2018/1725, nó má tá tuairimí, ceisteanna nó ábhair imní agat, nó más mian leat gearán a dhéanamh maidir le bailiú agus úsáid do shonraí pearsanta, bíodh fáilte romhat teagmháil a dhéanamh leis an Rialaitheoir Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide, Aonad C.4 (COMM-C4atec [dot] europa [dot] eu (COMM-C4[at]ec[dot]europa[dot]eu)).

Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí (DATA-PROTECTION-OFFICERatec [dot] europa [dot] eu (DATA-PROTECTION-OFFICER[at]ec[dot]europa[dot]eu)) maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil do shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725.

 An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS)

Tá sé de cheart agat dul ar iontaoibh (i.e. is féidir leat gearán a dhéanamh) chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (edpsatedps [dot] europa [dot] eu (edps[at]edps[dot]europa[dot]eu)) má mheasann tú gur sáraíodh do chearta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 de dhroim phróiseáil do shonraí pearsanta ag an Rialaitheoir Sonraí.

10. Cá bhfaighfear eolas níos mionsonraithe?

Foilsíonn Oifigeach Cosanta Sonraí an Choimisiúin Eorpaigh clár na n-oibríochtaí próiseála ar fad ar shonraí pearsanta de chuid an Choimisiúin, atá doiciméadaithe agus curtha in iúl dó. Féadfaidh tú rochtain ar an gclár a fháil ag an nasc seo a leanas: http://ec.europa.eu/dpo-register.

Áiríodh an oibríocht phróiseála ar leith seo i gclár poiblí an OCS leis an tagairt Taifid seo a leanas: DPR-EC-13729.1