Cruthaíonn an tionscadal “An Eoraip a fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” líonra Eorpach de pholaiteoirí a toghadh go háitiúil dírithe ar chumarsáid a dhéanamh maidir leis an Aontas Eorpach i gcomhaontas nach bhfacthas riamh cheana idir an leibhéal rialachais Eorpach agus an leibhéal rialachais áitiúil.
Cuirfidh an tionscadal ar chumas polaiteoirí áitiúla oibriú le chéile agus faisnéis a scaipeadh mar gheall ar thopaicí AE a bhaineann le muintir a dtoghcheantair áitiúil. Cabhróidh sé freisin le rannpháirtíocht a threisiú agus cothóidh sé díospóireachtaí faoi na saincheisteanna seo agus faoi thodhchaí na hEorpa. Is é atá i gceist thar aon rud eile tacú le cruthú réimse poiblí fíor-Eorpaigh.
Iarrann an Coimisiún Eorpach ar údaráis áitiúla dul isteach sa tionscadal. Tá sé furasta. Ní gá ach an fhoirm iarratais a líonadh amach, an dearbhú ar a bhfuil síniú an chomhairleora áitiúil agus ionadaí dlí an údaráis áitiúil a uaslódáil, agus iad a chur isteach.
Tar éis iad a chlárú sa ghrúpa, rachaidh comhairleoirí áitiúla chun cainte le daoine ina dtoghcheantair féin agus/nó leis na meáin áitiúla maidir le tionscnaimh pholaitiúla ghinearálta agus maidir le bearta atá á ndéanamh ag an Aontas.
Tá sé tábhachtach faisnéis faoin Aontas a scaipeadh ag an leibhéal áitiúil chun go leanfar den bhorradh a cruthaíodh leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa agus laistigh de chomhthéacs NextGenerationEU.
Tá an tionscadal á chur i bhfeidhm i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus Líonra Eorpach Comhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla Choiste na Réigiún.
![](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-05/AP_Form_1.jpg?h=379253f7&itok=dK1EZENE)
D’údaráis áitiúla ar mian leo teacht chun bheith ina gcomhpháirtithe den Choimisiún Eorpach chun faisnéis faoin Aontas a scaipeadh i measc an phobail trí ionadaí a toghadh go háitiúil a cheapadh.
![](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-09/Members-and-partners.jpg?h=379253f7&itok=x62bv7Wf)
Faigh amach cé eile atá sa líonra An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla
![](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2023-10/best_pract_1108x739.jpg?h=67bae4a7&itok=WLufPRoM)
Discover communication activities, events, and EU-related discussions within the network.
![](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-05/Promo_1.jpg?h=379253f7&itok=_JNSh7gi)
Bileoga fíricí, meirgí agus íomhánna meán sóisialta
![](/sites/default/files/styles/oe_theme_ratio_3_2_medium/public/2022-05/FAQ_1.jpg?h=379253f7&itok=folejOBI)
Faisnéis ar dhul isteach sa líonra agus ar bheith páirteach ann.