Tá an líonra ar oscailt do dhuine ar bith a toghadh i dtoghchán áitiúil (sráidbhaile, cathair, ceantar cathrach, réigiún nó aon leibhéal eile den rialtas áitiúil) agus atá ag fónamh sa ról seo faoi láthair. Glacann siad páirt sa líonra thar ceann a n-údaráis áitiúil. Cé nach bhfuil aon teorainn le líon na n-ionadaithe a toghadh go háitiúil a fhéadann a bheith páirteach sa líonra, ní féidir le húdarás áitiúil ach comhalta amháin a cheapadh le bheith páirteach sa líonra. Fáiltíonn an Líonra roimh bhardasachtaí móra, chomh maith le Cumainn, mar Chomhordaitheoirí a ghníomhóidh mar “ambasadóirí” an tionscadail i leith cathracha, bardasachtaí, bailte agus sráidbhailte ina gceantar.
Chun dul isteach sa líonra, ní mór do theagmhálaí foirm a líonadh isteach ar láithreán gréasáin an tionscadail agus dearbhú sínithe a uaslódáil lena n-áirítear síniú ionadaí dlíthiúil an údaráis áitiúil, chomh maith le síniú an chomhairleora áitiúil a cheaptar mar chomhalta den líonra.
Tá ról mar chomhpháirtí den tionscadal ag an údarás áitiúil a dhéanann iarratas, faigheann sé ábhair infheictheachta is féidir leo a úsáid chun a thaispeáint go bhfuil an t-údarás anois ina chomhpháirtí den Choimisiún Eorpach chun saincheisteanna AE a chur in iúl do na saoránaigh agus labhairt leo fúthu (gheobhaidh údaráis áitiúla pláta miotail, meirg le taispeáint in áiteanna a bhfuil rochtain ag a gcuid saoránach orthu). Cinnteoidh an t-údarás áitiúil leanúnachas agus ceapfaidh sé comhalta nua a luaithe a rachaidh sainordú toghcháin an chomhalta roimhe sin in éag nó a scoirfidh sé ar chúis ar bith. Beidh an duine ainmnithe a thoghtar go háitiúil ina chomhalta gníomhach den líonra, gheobhaidh sé rochtain ar fhaisnéis spriocdhírithe, ar ardán digiteach tiomnaithe agus ar chaidreamh pribhléideach le hinstitiúidí AE.
Tá ról “ambasadóirí” an tionscadail ag údaráis áitiúla a ghlacann páirt i ról comhordaithe i leith cathracha, bardais, bailte agus sráidbhailte ina gceantar. Trí iarratas a dhéanamh i ról comhordaithe is féidir le húdaráis áitiúla NACH bhfuil comhairleoir a toghadh go háitiúil á ainmniú acu mar chomhalta rochtain a bheith acu ar an tionscadal ar shlí eile. Trí rochtain a bheith acu ar an ardán ar líne agus ar an gcumarsáid a bhaineann leis an tionscadal, féadfaidh siad é a chur chun cinn le heintitis níos lú nach bhfuil in ann am a chaitheamh, b’fhéidir, ar rannpháirtíocht sa tionscadal, chomh maith le haiseolas a bhailiú uathu. Tabhair faoi deara nach gceapann comhpháirtithe a dhéanann iarratas i ról comhordaithe ionadaí tofa mar chomhalta, más mian leo ionadaí tofa a cheapadh mar chomhalta, níor cheart dóibh iarratas a dhéanamh i ról comhordaithe. Féadann cumainn iarratas a dhéanamh mar chomhordaitheoirí.
B’fhearr, más féidir, teagmhálaí an údaráis áitiúil chomhpháirtíochta a ainmniú as státseirbhísigh an údaráis áitiúil, chun leanúnachas tar éis toghcháin áitiúla a chinntiú.
Is féidir, go teoiriciúíl, an méara a cheapadh mar bhall thar ceann an údaráis áitiúil. Mar sin féin, b’fhearr, más féidir, an comhalta a ainmniú as measc na gcomhairleoirí áitiúla de bhrí go nglactar leis sa líonra seo go mbeifear rannpháirteach go gníomhach sa tionscadal. Sin an fáth, b'fhéidir, go mbeadh sé níos ciallmhaire comhairleoirí áitiúlaa cheapadh, ionas gur féidir leo idirghníomhú le piaraí i róil den sórt céanna de bhrí gur comhairleoirí seachas méaraí formhór na gcomhaltaí.
D’fhéadfadh an tIonadaí Dlí a bheith ina mhéara ar an mBardas nó ina dhuine ar bith eile (tofa nó neamhthofa) a bhfuil an t-údarás oifigiúil aige an fhoirm dhearbhaithe a shíniú thar ceann an údaráis áitiúil.
Tá ról tábhachtach ag comhlachais réigiún agus cathracha mar iolraitheoirí chun cabhrú le hinstitiúidí AE teagmháil a dhéanamh lena gcuid comhaltaí. Tá siad i dteideal dul isteach sa líonra, agus ról mar eintitis chomhordaitheora a bheith acu.
Beidh fáilte roimh chúlra nó próifíl ar bith. Níl aon cheanglas ar leith maidir le cleamhnú nó ról polaitiúil sa chomhairle áitiúil. Ní mór do chomhaltaí a bheith ina gcomhairleoirí tofa sa sainordú reatha toghchánaíochta. Ní mór iad a bheith ainmnithe, leis, ag an údarás áitiúil dá n-ionadaíonn siad.
Ní mór do chomhaltaí a bheith toilteanach cumarsáid a dhéanamh go réamhghníomhach le saoránaigh ina gceantar áitiúil faoi cheisteanna a bhaineann leis an Aontas Eorpach.
Fáiltíonn an Coimisiún go háirithe roimh cheapadh ban agus daoine atá ina mbaill de ghrúpaí tearcionadaithe mar chomhaltaí den líonra.
Ní féidir ach le comhairleoir amháin in aghaidh an eintitis áitiúil dul isteach sa líonra ag aon am amháin.
Tá an glao ar oscailt ar bhonn atrátha, a chiallaíonn nach bhfuil aon spriocdháta ann. Beidh an glao ar oscailt a fhaid is a bheith an tionscadal ann.
Bítear ag súil go ndéanfaidh na comhaltaí ionadaíocht ar an Aontas Eorpach go hoibiachtúil, bunaithe ar eolas cruinn agus iontaofa. Táthar ag súil freisin go rachaidh siad i mbun plé agus díospóireachta le muintir a dtoghcheantair nó leis na meáin áitiúla faoi na tionscnaimh agus na bearta polaitiúla ginearálta a chuireann an tAontas i gcrích. Geallann comhaltaí an cód iompair seo a chomhlíonadh nuair a shíníonn siad an dearbhú, tráth déanta an iarratais.
Trí bheith páirteach in “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” cabhraítear leis an údarás áitiúil, trína chomhairleoir áitiúil, cumarsáid níos fearr a dhéanamh lena shaoránaigh mar gheall ar an Aontas. Bainfidh comhaltaí an líonra tairbhe as ar bhealaí éagsúla, mar a thaispeántar thíos.
- Rochtain phribhléideach ar fhoinsí oifigiúla cumarsáide an Aontais Eorpaigh i dteangacha náisiúnta, ábhar cumarsáide, seimineáir ar líne agus as líne agus cineálacha eile faisnéise, a chumasaíonn dul i mbun cumarsáide le saoránaigh mar gheall ar shaincheisteanna an Aontais.
- An deis cuireadh a fháil chuig cuairteanna fisiceacha nó digiteacha ar institiúidí an Aontais arna n-eagrú, nuair is féidir, ina dteanga féin.
- An deis eolas spriocdhírithe a fháil ar thopaicí is spéis leat agus atá ábhartha do do réigiún, bunaithe ar na roghanna a léiríodh san fhoirm iarratais.
- Infheictheacht ar leibhéal AE ar ghníomhaíochtaí na gcomhaltaí ar tugadh fúthu i gcomhthéacs an líonra.
- Rochtain ar líonra bríomhar piaraí trí ardán tiomnaithe ar líne le rannpháirtithe eile den líonra.
- Rochtain phribhléideach ar an iliomad gréasáin for-rochtana AE atá ar fáil ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear breis agus 430 ionad EUROPE DIRECT atá i mbeagnach gach réigiún AE.
Níl aon teorainn ar líon na n-iarratas in aghaidh na tíre.
Is féidir! Chuige sin, is gá “déan iarratas mar chomhordaitheoir” a roghnú agus iarratas á dhéanamh agat. Sa chás seo, tabharfar cuireadh don teagmhálaí bheith páirteach sa líonra mar bhreathnóir.
Níl aon chostas díreach ag gabháil le bheith mar chomhalta den líonra. Ní iarrfaidh an Coimisiún Eorpach aon ranníocaíocht uait riamh. An Coimisiún Eorpach a chlúdóidh aon chostais taistil a ghabhfaidh le rannpháirtíocht in imeachtaí tionscadail nach bhfuil ar líne, nó beidh siad roghnach. Ní gá go ngabhfadh costas don chomhalta leis na gníomhaíochtaí a chaithfidh comhaltaí an tionscadail tabhairt fúthu (cumarsáid le saoránaigh ar chúrsaí AE, páirt a ghlacadh i saol an líonra).
Ní cháilíonn. Ionadaithe a toghadh go háitiúil i dtíortha AE amháin a fhéadann dul isteach sa líonra.
Bheith mar chomhalta den líonra
Léigh tuilleadh ar an méid a tharlaíonn tar éis duit bheith ceaptha mar chomhalta.
Tar éis don Choimisiún Eorpach an t-iarratas a bhailíochtú, gheobhaidh tú roinnt ábhar cumarsáide tosaigh mar gheall ar an tionscadal. Gheobhaidh tú cuireadh chuig an ardán ar líne Futurium, leis. Tar éis duit clárú ar an ardán, beidh an deis agat leanúint ar aghaidh ag fáil faisnéise nuashonraithe ar bhonn rialta ar ábhair spéise agus ábhair a bhaineann le do réigiún, chomh maith le líonrú le baill eile. Gheobhaidh tú cuirí chuig seimineáir ghréasáin ad hoc agus imeachtaí eile, leis.
Bítear ag súil go ndéanfaidh gach comhairleoir áitiúil atá ina chomhalta den líonra trí ghníomh, a gheallann siad nuair a shíníonn siad an dearbhú tráth déanta an iarratais. Áirítear ar na gníomhartha sin:
- Déan cumarsáid go rialta faoin Aontas Eorpach. Ciallaíonn sé seo dul i mbun plé agus díospóireachta go rialta le daoine ina dtoghcheantair nó leis na meáin áitiúla faoi na tionscnaimh agus na bearta polaitiúla ginearálta a chuireann an tAontas i gcrích, agus na saoránaigh a spreagadh chun a bheith páirteach i ndíospóireachtaí ar thodhchaí an Aontais.
- Cloígh leis na fíricí agus déan an tAontas a ionadú go hoibiachtúil. Beartais, gníomhaíochtaí agus tionscnaimh AE a chur i láthair go hoibiachtúil, bunaithe ar fhaisnéis chruinn iontaofa.
- Páirt a ghlacadh sa líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” trí bheith páirteach san ardán ar líne, freastal ar sheimineáir agus ar chuairteanna a thairgeann an Coimisiún (ag brath ar infhaighteacht). Iarrtar ort freisin páirt a ghlacadh i suirbhéanna a dhéanfar faoi dhó nó mar sin sa bhliain, agus aiseolas a sholáthar ar ghníomhaíochtaí a rinneadh mar chomhalta den líonra.
Is é ról na n-údarás áitiúil comhleanúnachas a chinntiú. Mar shampla, nuair a shroicheann comhalta deireadh a sainordú toghcháin nó nuair a éiríonn siad as an líonra ar chúis ar bith, ceanglaítear ar na húdaráis áitiúla comhalta nua a cheapadh.
Nuair a théann comhalta nua isteach sa líonra, gheobhaidh an t-údarás áitiúil a ainmníonn iad ábhair bholscaireachta (pláta miotail saincheaptha greanta agus preabmheirge). Tá siad seo ceaptha le taispeáint don phobal (na toghthóirí) go mbaineann an t-údarás áitiúil leis an líonra AE seo.
Foilseofar ar láithreán gréasáin an tionscadail (atá ar oscailt don phobal) liosta agus léarscáil ina gcuirfear i láthair gach comhairleoir atá ina chomhalta den líonra. Beidh ábhair ghinearálta faisnéise san áireamh anseo. Áireoidh ardán ar líne an tionscadail (rochtain do chomhaltaí “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” agus líonraí comhchosúla amháin) foilseacháin ábhartha rangaithe de réir ábhair, cuireadh chuig imeachtaí, fóraim phlé, dea-chleachtais agus nuacht ghinearálta a bhaineann leis an tionscadal.
Bíonn.
Ní bhfaighidh comhaltaí ach cineálacha tacaíochta neamhairgeadais (rochtain phribhléideach ar fhaisnéis AE, ábhair, cuairteanna, cuirí chuig imeachtaí, líonrú piaraí etc.).
Beidh tú i do chomhalta den líonra go dtí deireadh thréimhse do shainordaithe mar chomhairleoir tofa ar an eintiteas áitiúil (bardas nó eile) a d’ainmnigh tú. Más mian leat do chomhaltas a chur ar ceal, déan teagmháil le d’údarás áitiúil agus ceapfaidh siad ionadaí.
De ghnáth, a luaithe a théann sainordú toghcháin in éag tagann deireadh leis an gcomhaltas. Ach féadfaidh an t-údarás áitiúil an t-ainm céanna a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún Eorpach le haghaidh sainordú comhleanúnach.
Tá fáilte romhat na hábhair chumarsáide a bhaineann leis an líonra a scaipeadh agus cuireadh a thabhairt do chomhairleoirí áitiúla eile a bheith rannpháirteach. Meabhraítear duit, áfach, nach féidir ach le comhairleoir amháin in aghaidh an údaráis áitiúil dul isteach sa líonra ag aon am amháin.
Ba chóir don chomhalta é sin a chur in iúl dá n-údarás áitiúil. Beidh an comhaontú idir an Coimisiún Eorpach agus an t-údarás áitiúil fós bailí, ach beidh ar an údarás áitiúil comhalta nua a cheapadh don líonra. Más mian leis an údarás áitiúil tarraingt siar go hiomlán ón líonra, ní mór dó é sin a chur in iúl don Choimisiún Eorpach.
Is tionscadal ilteangach é agus mar sin níl aon cheanglas teanga ar chomhaltaí an líonra. Ní gá do chomhairleoirí áitiúla cumarsáid a dhéanamh i mBéarla. Soláthrófar gach ábhar, lena n-áirítear lámhleabhar mionsonraithe chun rochtain a fháil ar an ardán ar líne, i dteanga an chomhalta. Soláthraíonn an t-ardán idirghníomhach ar líne aistriúchán uathoibríoch i dteangacha oifigiúla uile an Aontais.
Níl aon sprioc chainníochtúil ann don am a chaithfidh comhairleoir aonair ar ghníomhaíochtaí an tionscadail. Tá sé mar aidhm ag an líonra faisnéis a sholáthar d’ionadaithe tofa go háitiúil a chuirfidh ar a gcumas tuilleadh a fhoghlaim faoi thionscnaimh agus faoi bhearta AE ionas gur féidir leo an t-eolas seo a úsáid chun dul chun cainte leis na saoránaigh ina dtoghcheantar. Beidh bealaí ann chun tuairisciú a dhéanamh agus chun aitheantas a thabhairt don Choimisiún as a réamhghníomhaíochas.
Mhol Parlaimint na hEorpa an líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla” in 2021 agus díríonn sé ar chumas na gcomhairleoirí áitiúla a fheabhsú chun cumarsáid a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil ar chúrsaí AE. Seoladh Líonra Eorpach na gComhairleoirí Réigiúnacha agus Áitiúla AE de chuid Choiste Eorpach na Réigiún in 2021 chun ceangal a dhéanamh idir obair Choiste na Réigiún agus a chomhaltaí agus líon na gcomhairleoirí áitiúla san Aontas Eorpach. Ós rud é go ndíríonn an dá líonra ar an bpobal céanna de chomhairleoirí áitiúla AE, oibríonn siad go han-dlúth le chéile le sineirge iomlán, chun dúbailt freagrachtaí a sheachaint agus chun raon na seirbhísí atá ar fáil a leathnú. Úsáideann siad an t-ardán ar líne céanna. Tugtar cuireadh do chomhaltaí líonra amháin dul isteach sa líonra eile, leis.
An Coimisiún Eorpach, arna ionadú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide (Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide), a bhainistíonn an líonra, a bunaíodh mar threoirthionscadal bunaithe ar thogra ó Pharlaimint na hEorpa.
Mura bhfaigheann tú freagra do cheist sna CCanna agus in ábhair an tionscadail, déan teagmháil linn. Tabharfaimid freagra a luaithe is féidir.
Más comhalta thú, is féidir leat é sin a dhéanamh tríd an bhfóram plé ar líne a luaithe a chruthaíonn tú do chuntas ar Futurium, nó ag imeachtaí ar líne nó fisiceacha arna n-eagrú ag foireann an tionscadail.
Féadfaidh an Coimisiún Eorpach cruinniú sainoiriúnaithe a eagrú má tá suim ag líon dóthanach comhaltaí ann. Déan teagmháil le infoeu-councillors [dot] eu (info[at]eu-councillors[dot]eu).
Déanfaidh an Coimisiún Eorpach a dhícheall cuairteanna ó ghrúpaí teanga a eagrú, ag brath ar acmhainní agus srianta féilire. Nuair a bheidh sé seo amhlaidh, gheobhaidh comhaltaí cuirí in am trátha agus clúdófar a gcostais taistil a oiread agus is féidir.
Féadfaidh foireann an tionscadail ábhair amhairc tionscadail a sholáthar, ar iarratas, i ngach teanga oifigiúil de chuid an AE i bhformáid dhigiteach (agus uaireanta i bhformáid fhisiciúil, ag brath ar infhaighteacht). Is féidir leaganacha ineagarthóireachta a chur ar fáil freisin, i gcás inar mian le húdarás áitiúil nó le comhairleoir áitiúil ábhair bhreise a sholáthar i dteangacha eile, nach teangacha oifigiúla AE iad.