Réamhrá
In view of the merger with the Committee of the Regions network of Local Councillors, the application process is momentarily suspended. The new link will be available in early 2025. Thanks for your interest in joining the network! In the meantime, if you wish to apply, please contact info
eu-councillors [dot] eu (info[at]eu-councillors[dot]eu).
Is aontas daoine agus luachanna an tAontas Eorpach go príomha – le córas uathúil daonlathais a chomhlánaíonn agus a idirghníomhaíonn le córais dhaonlathacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na mBallstát uile, chomh maith le dul i mbun oibre go díreach le saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta. Tá ról ag gach duine a bhfuil baint acu le todhchaí na hEorpa maidir le míniú a thabhairt ar cad a chiallaíonn sé a bheith mar chuid den Aontas seo agus buntáistí nó iarmhairtí a chuid beartas agus roghanna a leagan amach.
Foinse: Cion an Choimisiúin Eorpaigh ag cruinniú neamhfhoirmiúil cheannairí AE27 in Sibiu (An Rómáin) ar 9 Bealtaine 2019, leathanach 40.
Bunaithe ar an bprionsabal seo, thionscain Parlaimint na hEorpa an tionscadal “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla.” Is é is aidhm leis líonra AE d’ionadaithe a toghadh go háitiúil ó na Ballstáit uile a chur le chéile. Féachfaidh siad leis an Aontas Eorpach a chur in iúl don phobal.
Is é Ard-Stiúrthóireacht Cumarsáide an Choimisiúin Eorpaigh atá i gceannas ar fheidhmiú an tionscadail faoi Chlár Oibre 2021. Cuireann an Coimisiún an tionscadal chun feidhme i ndlúthchomhar le Coiste Eorpach na Réigiún.
Chun an líonra a bhunú, beidh an Coimisiún ag lainseáil glao ar iarratais ó údaráis áitiúla (bardais, cúigí, ranna nó réigiúin) ar mian leo a bheith ina gcomhpháirtithe de chuid an Choimisiúin maidir leis an Aontas Eorpach a chur in iúl don phobal trí ionadaí a toghadh go háitiúil a cheapadh mar chomhalta den líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla”.
Údarás áitiúil
→ comhpháirtí den Choimisiúin chun an Eoraip a chur in iúl don phobal
Ionadaí a toghadh go háitiúil arna cheapadh ag an údarás áitiúil
→ comhalta den líonra “An Eoraip a Fhorbairt i gComhar le Comhairleoirí Áitiúla“

An gnás iarratais
Ní mór d’údarás áitiúil ar mian leis teacht le bheith ina chomhpháirtí de chuid an Choimisiúin Eorpaigh chun an tAontas Eorpach a chur in iúl don phobal:
- Ionadaí a toghadh go háitiúil a cheapadh mar chomhalta den líonra.
- A chinntiú go síníonn an chomhalta dearbhú (PDF) ina sonraítear a ról mar chomhalta den líonra ó thaobh an tAontas Eorpach a chur in iúl go gníomhach don phobal i gcomhpháirtíocht agus le tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh.
- An fhoirm iarratais a líonadh isteach agus a chur isteach i gceangal leis an dearbhú atá sínithe ag ionadaí dlíthiúil an údaráis áitiúil agus ag an ionadaí a toghadh go háitiúil.
IIn view of the merger with the Committee of the Regions network of Local Councillors, the application process is momentarily suspended. The new link will be available in early 2025. Thanks for your interest in joining the network! In the meantime, if you wish to apply, please contact infoeu-councillors [dot] eu (info[at]eu-councillors[dot]eu).
